Agus Seachtain na Gaeilge á cheiliúradh againn, tá Gaelchultúr, an GPA agus an CLG bródúil as an rath iontach a bhí ar a gcomhpháirtíocht le déanaí, a thug deis uathúil d’imreoirí idirchontae a ndáimh leis an nGaeilge a threisiú.
Tríd an tionscnamh seo, bronnadh scoláireachtaí ar 63 imreoir idirchontae chun cúrsaí Gaeilge a dhéanamh le Gaelchultúr – an soláthraí is mó cúrsaí Gaeilge ar domhan agus an chéad agus an t-aon choláiste tríú leibhéal lán-Ghaeilge. I gcaitheamh an chláir 10 seachtaine, ní hamháin gur chuir na lúthchleasaithe feabhas ar a gcuid scileanna teanga ach d’fhás a dtuiscint ar thábhacht chultúrtha agus stairiúil na Gaeilge laistigh den CLG.
Léiríonn torthaí ón gceistneoir ceann cúrsa an rath a bhí air:
- Thuairiscigh 100% de na rannpháirtithe go raibh siad níos muiníní ag labhairt na Gaeilge.
- Mhol gach duine ar bronnadh scoláireacht orthu an cúrsa go hard.
- Léirigh gach rannpháirtí spéis i gcúrsa eile a dhéanamh le Gaelchultúr amach anseo.
Léiríonn na torthaí seo arís an ról lárnach atá ag an nGaeilge inár gcluichí náisiúnta agus an tábhacht a bhaineann léi i gcothú féiniúlachta agus pobail laistigh den CLG. Is céim shuntasach é an tionscnamh seo i gcur chun cinn na Gaeilge i measc cuid de na lúthchleasaithe is mó le rá sa tír. Léiríonn a ndíograis agus a dtiomantas go bhfuil an teanga fós ina cuid bheo, bhisiúil dár gcultúr spóirt.
Meallann féile Sheachtain na Gaeilge daoine ar gach leibhéal i dtreo na teanga agus is sampla iontach é an chomhpháirtíocht seo idir Gaelchultúr, an CLG, agus an GPA den chaoi ar féidir glacadh leis an nGaeilge agus í a cheiliúradh i ngach gné den saol – ar an bpáirc san áireamh.
Tá tacaíocht á tabhairt ag Cumann Pheil na mBan agus ag an gCumann Camógaíochta don togra seo.
Gaelchultúr, GPA & GAA Celebrate Success of Landmark Irish Language Scholarships
As we celebrate Seachtain na Gaeilge, Gaelchultúr, the GPA and the GAA are proud to highlight the remarkable success of their recent partnership, which has provided a unique opportunity for intercounty players to strengthen their connection with the Irish language.
Through this initiative, 63 inter-county players were awarded scholarships to complete Irish language courses with Gaelchultúr – the world’s largest provider of Irish language courses and the first and only Irish-language third-level college. Over the course of the ten-week programme, these athletes not only improved their linguistic skills but also deepened their appreciation of the cultural and historical significance of Irish within the GAA.
The results from the end of course questionnaire speak for themselves:
- 100% of participants reported feeling more confident in speaking Irish.
- All scholarship recipients highly recommended the course.
- All participants expressed an interest in continuing their learning with Gaelchultúr.
These findings reaffirm the central role of the Irish language in our national games and its continued importance in fostering identity and community within the GAA. This initiative marks a significant step in promoting the Irish language among some of the country’s most high-profile athletes. Their enthusiasm and commitment demonstrate that the language remains a living, thriving part of our sporting culture.
As Seachtain na Gaeilge encourages people of all levels to engage with the language, this partnership between Gaelchultúr, the GAA, and GPA serves as a shining example of how Irish can be embraced and celebrated in all aspects of life – including on the pitch.
This initiative was supported by the Ladies Gaelic Football Association and the Camogie Association.